Beidh seisiún Comhairliúcháin Phoiblí maidir le Scéim Cosanta i gcás Tuilte do Leifear ar siúl ar 27ú Feabhra ón 4.00 i.n – 8.00 i.n i Seanteach na Cúirte, Leifear.
Is í sprioc an togra ná Scéim Chosanta i gcás Tuilte a fhorbairt, sceim atá inmharthanna go heacnamaíoch, íogair ó thaobh na timpeallachta de agus gur féidir leis an phobal glacadh leis.
Is í aidhm an Lá Comhairliúcháin Phoiblí ná foireann an togra a chur in aithne, an próiseas a dhéanann forbairt ar an scéim a chur i láthair agus aon eolas áitiúil a mbeadh tábhacht leis nó a chuirfeadh le haidhm an togra a chruinniú ó pháirtithe leasmhara nó ón phobal.
Deis a bheas ann do pháirtithe leasmhara agus baill den phobal a gcuid tuairimí a roinnt agus foghlaim faoin dóigh a ndéantar dul chun cinn ar leagan amach na scéime.
Beidh an dara Lá Comhairliúcháin Phoiblí ar siúl le páirtithe leasmhara agus an pobal a chur ar an eolas faoin dóigh ar baineadh úsáid as a dtuairimí agus a n-aighneachtaí le linn próiseas forbartha na scéime.
Cead isteach agus fáilte roimh an phobal uilig.
An t-eolas is deireanaí maidir leis an togra ar fáil ag: www.liffordfrs.ie
Leabhrán Comharliúcháin Phoiblí maidir le Scéim Chosanta i gcás Tuilte Leifear
Nuachtlitir Scéim Chosanta i gcás Tuilte Leifear, Feabhra 2020