Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Nollaig 2023

19-12-23 Gradam Bliantúil Dhiaspóra na hÉireann Tip Uí Néill – Glaoch oscailte d’Ealaíontóirí chun gradam úr a dhearadh

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg iarrataisí ó ealaíontóirí nó ó dhearthóirí chun moltaí a dhéanamh i dtaca le Gradam Bliantúil Dhiaspóra na hÉireann Tip Uí Néill a athdhearadh don bhliain 2024 agus ar aghaidh. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhronnann Gradam Tip Uí Néill gach bliain, agus féachtar leis an ghradam seo aitheantas a thabhairt daofa siúd a bhfuil éachtaí bainte amach acu ina sainréimse féin chomh maith le hómós a thabhairt daofa as a bhfuil déanta acu d’Éirinn agus dá Diaspóra.

 

Gheobhaidh tú thíos treoracha a thugann eolas faoin phróiseas, faoin bhuiséad agus faoin chlár ama atá i gceist. Ba chóir aon cheist a chur trí ríomhphost chuig [email protected] roimh an spriocdháta agus an teideal seo ar líne ábhair an ríomhphoist: ‘Gradam Bliantúil Tip Ó Néill – Fiosrúchán faoi Iarratas a dhéanamh ar an Dearadh Úr’ 

 

 

Is í an Aoine 19 Eanáir 2024 an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.

 

Cuirfear eolas chuig na hiarratasóirí sin ar éirigh leo dul ar ghearrliosta faoin 26 Eanáir 2024.

 

Tá gach iarratas, atá le cur sa mheá, le seoladh isteach chuig [email protected] faoin teideal ar líne ábhair an ríomhphoist: ‘Gradam Bliantúil Tip Ó Néill – Iarratas i dtaca le Dearadh Úr’.

 

 

 

DOICIMÉAD EOLAIS

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí agus do dhearthóirí moltaí a dhéanamh chun gradam úr a dhearadh, gradam a bhronnfar ar na dámhachtaithe ag Gradaim Bhliantúla Dhiaspóra na hÉireann Tip Uí Néill sa bhliain 2024 agus ar aghaidh.

 

An Gradam

 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhronnann Gradam Tip Uí Néill gach bliain, agus féachtar leis an ghradam seo aitheantas a thabhairt daofa siúd a bhfuil éachtaí bainte amach acu ina sainréimse féin chomh maith le hómós a thabhairt daofa as a bhfuil déanta acu d’Éirinn agus dá Diaspóra.

 

Cuireadh tús leis an ghradam in 2012 mar dhóigh le comóradh a dhéanamh ar lá breithe Tip Uí Néill, nach maireann. Bhí Tip ina Dhaonlathaí Liobrálach agus ina bhall mór le rá i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe. Ba as Contae Dhún na nGall ó dhúchas a sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthar.

 

Sampla de na Gradaim roimhe seo

 

Tip O Neill jpeg

Múnla de lámh Tip Uí Néill, nach maireann, a úsáideadh don ghradam idir 2012 agus 2022.

 

 

 Pointí Tábhachtacha d’Ealaíontóirí/Dhearthóirí

 

Ba chóir d’ealaíontóirí/dhearthóirí ar suim leo moltaí a chur isteach na pointí tábhachtacha seo a leanas a thabhairt faoi deara:

Ba chóir don dearadh aitheantas a thabhairt do Tip Ó Néill, nach maireann.

Ba chóir don dearadh a bheith ábhartha do ról an Diaspóra s’againn.

Meáchan agus airde an ghradaim

An meáchan gan a bheith níos troime ná 10kg

An airde gan a bheith níos airde ná 40cm

 

 

Iarratais Céim 1

 

Is féidir le healaíontóir/dearthóirí a bhfuil suim acu ann suas le trí mholadh coincheapa a chur isteach in aghaidh an duine/comhlachta/comhpháirtíochta.

 

Ba chóir d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a chur isteach mar chuid den iarratas s’acu.

 

Doiciméid a bhaineann le saothair roimhe seo: cuir isteach suas le 3 shampla de shaothar ábhartha roimhe seo; glacfar le grianghraif agus naisc chuig fiseáin ábhartha.

 

Ráiteas a chuireann síos go ginearálta ar an dóigh a dtabharfaidh tú faoin choimisiún seo (500 focal ar a mhéad). Inis dúinn cad chuige a bhfuil suim agat sa choimisiún seo, agus cad chuige a síleann tú gurbh fhearr an cur chuige atá agat féin ó thaobh dearaidh de sa chás áirithe seo. Ba chóir don mholadh a léiriú fosta go bhfuil taithí agat ar dhearaí úrnua d’ardchaighdeán a chruthú agus ar a bheith ag obair fríd phróisis chomhoibritheacha.

 

Leag amach an cur chuige a bheas agat agus tú ag tabhairt faoin saothar seo, ar a n-áirítear do theagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall agus an clár ama leis an togra a fhorbairt agus a thabhairt chun críche. Tabhair faoi deara gurb é an 30 Meitheamh 2024 an spiocdháta faoina gcaithfidh an saothar seo a bheith críochnaithe agus curtha ar fáil.

 

Tabhair praghas leis an méid seo a leanas a tháirgeadh agus a chur ar fáil:

20 ceann acu

30 ceann acu

50 ceann acu

 

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall gearrliosta de thrí dhearadh a dhéanamh le haghaidh Céim 2 den phróiseas.

 

Is í an Aoine 12 Eanáir 2024, ar 5pm, and dáta deireanach le haghaidh fiosrúchán. Ba chóir aon cheist a chur trí ríomhphost chuig [email protected] roimh an spriocdháta agus an teideal seo ar líne ábhair an ríomhphoist: ‘Gradam Bliantúil Tip Ó Néill – Fiosrúchán faoi Iarratas a dhéanamh ar an Dearadh Úr’ 

 

 

Is í an Aoine 19 Eanáir, ar 5pm, an dáta deireanach le haghaidh iarratas/aighneachtaí. Ba chóir iarratas a chur trí ríomhphost chuig [email protected] agus an teideal seo ar líne ábhair an ríomhphoist: ‘Gradam Bliantúil Tip Uí Néill – Iarratas i dtaca le Dearadh Úr’.

 

Sa chás go gcuirfear iarratasóirí ar an ghearrliosta, cuirfear sin in iúl dóibh faoin Aoine 26 Eanáir 2024.

 

 

Iarratais Céim 2

 

Le linn Céim 2 den phróiseas, beidh ar an ealaíontóir / dearthóir fréamhshamhail den dearadh s’acu a chur isteach. Íocfar €200 le healaíontóirí/dearthóirí a bheas ar an ghearrliosta do Chéim 2, ar mhaithe leis an fhréamhshamhail a fhorbairt. Beidh trí seachtaine ag ealaíontóirí, ón ghearrliostú, chun fréamhshamhail a fhorbairt le cur faoi bhráid Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá na fréamhshamhail le bheith déanta agus curtha isteach lena gcur sa mheá faoin Aoine 16 Feabhra 2024.

 

Roghnófar an dearthóir faoin 26 Feabhra 2024.