Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2024 > Eanáir 2024

02/01/2024 - Fógra i dtaca le Luacháil Inrátáilte ar Rátaí Tráchtála Bliantúla

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, de réir Alt 3 de na Rialacháin Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gurb é €0.232 an Luacháil Inrátáilte Bhliantúil (LIB) atá ar gach sealúchas inrátáilte laistigh d’údarás rátáilte Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain airgeadais dar tús 1 Eanáir 2024 agus dar críoch 31 Nollaig 2024. Is ionann an ráta seo agus an LIB táscach atá sonraithe ar na Teastais Athluachála a d’eisigh Tailte Éireann in 2023.

 

Faoi reachtaíocht úr, tá roinnt athruithe ag tarlú a mbeidh tionchar acu ar gach íocóir rátaí ó 2024. Is iad na cinn is suntasaí acu seo ná:

 

  • Ag toiseacht in 2024, tá Rátaí Tráchtála le híoc ón 1 Eanáir agus tá siad iníoctha mar aon táille amháin. Mar sin féin, leanfaidh an Chomhairle de bheith ag glacadh le híocaíochtaí míosúla trí dhochar díreach, má iarrtar sin.
  • Tá an Coigeartú Bonnbhliana (CBB) do shealúchais inrátáilte laistigh de sheanlimistéar Chomhairle Baile Bhun Cranncha tagtha chun críche. Tá an LIB comhoiriúnaithe anois ag an ráta €0.232.
  • Beidh leasuithe ar an liosta luachála i bhfeidhm anois láithreach bonn (i.e.: athbhreithnithe, cinn úra, cinn bainte ar shiúl, agus achomhairc).
  • Déanfar soláthar anois le haghaidh dliteanas agus billeáil pro rata sa chás go dtagann deireadh leis an áitíocht, nó go gcuirtear tús léi, i lár na bliana.
  • Mar réamhfhógra, agus de réir na reachtaíochta úire, beidh táillí úis i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 ar aon bhille Rátaí Tráchtála de chuid 2025 a bheas gan íoc. Beidh tuilleadh eolais faoi seo in am agus i dtráth.

 

Arna dhátú inniu an 2 Eanáir 2024

 

Sínithe: -        John G. Mc Laughlin

Príomh-Fheidhmeannach

                        Comhairle Contae Dhún na nGall