Iarrtar ort léamh tríd an fhaisnéis atá an tsuíomh gréasáin seo faoi dtaobh den scéim, lena n-áirítear na ceisteanna coitianta ag gach céim nó d’fhéadfadh sé go bhfaighfeá freagraí ansin ar aon cheisteanna a bheadh agat.
Má tá iarratas á dhéanamh agat i láthair na huaire, tabhair do d’aire go dtosóidh muid ar d’iarratas a mheasúnú chomh luath is a bheas sé curtha isteach agat, mar atá, nuair a bheas an t-eolas riachtanach curtha isteach agat agus na doiciméid iomchuí uaslódáilte agat.
Má tá iarratas curtha isteach agat, aithneoidh muid go bhfuair muid é agus coinneoidh muid ar an eolas thú faoin dul chun cinn. Déanfaidh muid teagmháil dhíreach leat má tá soiléiriú de dhíth leis na sonraí teagmhála a thug tú dúinn.
Is féidir fiosrúcháin a chur isteach tríd an ríomhphost chuig: [email protected]
Is féidir scairt a chur ar Ionad Seirbhísí Custaiméara na Comhairle ar 074 9153900
Iarrtar ort sonraí a sholáthar i dtaca le d’ainm, éirchód na háite cónaithe s’agat agus uimhir thagartha d’iarratais (má tá ceann agat) nuair a dhéanann tú teagmháil linn le cuidiú linne freagairt do d’fhiosrúchán.
Tabhair do d’aire: ní fhreagróidh an Chomhairle ach amháin don iarratasóir ainmnithe i dtaca le fiosrúcháin maidir le hiarratas.