Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Ceisteanna Coitianta Covid 19

Ceisteanna Coitianta Pleanála le linn Covid 19

 

Ceisteanna Coitianta Pleanála le linn Covid 19

 

Covid 19 - Dáta éaga 5 seachtaine le haghaidh Aighneachtaí agus Fógraí Suímh

 

Eolas tábhachtach maidir le Fógraí

Tá an t-eolas sna Ceisteanna Coitianta maidir leis an fhógra nuachtáin rud beag doiléir.  Ar mhaithe leis an scéal a shoiléiriú, is gá go mbíonn gach iarratas pleanála bailí ar an lá a fhaightear é i.e. is gá go bhfaighidh an t-údarás pleanála an t-iarratas pleanála laistigh de 2 sheachtain ó dháta an fhógra sa nuachtán.  Caithfear an fógra suímh a choinneáil ar an suíomh go dtí deireadh na tréimhse ina dtig aighneacht a dhéanamh.

 

Má tá aon cheist agat maidir le dátaí sínithe, déan teagmháil le:

 [email protected]

 

Ceadanna Deiridh

 Tá moill faoi láthair maidir le Ceadanna Deiridh a eisiúint de bharr síneadh ama atá á chur le gach tréimhse chuí.

Tá liosta thíos faoi seo. Léiríonn an chéad cholún dáta an chinnidh, agus léiríonn an dara colún an dáta ar a dtagann deireadh leis an tréimhse chun achomharc a dhéanamh.  Is iondúil gur seachtain amháin i ndiaidh dheireadh na tréimhse achomhairc a eisítear an cead deiridh. 

 

Covid 19 - Dátaí an Bhord Pleanála

 

Socruithe leasaithe chun amharc ar chomhaid phleanála

Mar chuid den straitéis náisiúnta chun dul i ngleic le géarchéim Covid 19, tháinig an tSeirbhís Phleanála faoi réir Ordú Aireachta a eisíodh ón 29 Márta 2020, lena chinntiú go gcloífí le próisis reachtúla phleanála agus lena chinntiú nach ndéanfaí faillí ar aon rannpháirtí in iarratais phleanála agus i bhfeidhmeanna eile de bharr riachtanais a bhaineann le féin-aonrú nó ‘fanacht sa bhaile’.   Chuaigh an tOrdú Aireachta as feidhm ar an 23 Bealtaine, agus cuireadh tús in athuair le heisiúint iarratas pleanála agus le seirbhísí eile ón Luan 25 Bealtaine.

Sa ghearrthéarma, agus i gcomhréir le Plean Oibre an Rialtais chun an tSochaí agus an Saol Gnó a Athoscailt, is trí choinne amháin is féidir iarratais phleanála a fheiceáil i dTeach an Chontae, Leifear, idir 9.30am agus 4.30pm.   Ba chóir a chuimhneamh go bhfuil gach doiciméadú maidir le hiarratais reatha phleanála ar fáil ar líne ar http://www.donegalcoco.ie/services/planning/planningapplicationsearch.  Is féidir dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Phleanála trí scairt ghutháin nó ríomhphost maidir le fiosrúcháin phleanála, agus tá baill foirne pleanála ag freagairt fiosrúcháin seirbhíse i rith an ama.   Is féidir eolas nó comhairle a lorg trí scairt ghutháin ar 074 9153900 nó trí ríomhphost chuig [email protected].

Beidh gach seirbhís ag cloí le rialacha Covid 19 de chuid an FSS, i dtaca le sláinte agus sábháilteacht, díghalrú na lámh agus scaradh sóisialta.