Cuir tús le múiríniú tí inniu!
Cá háit ar féidir liom arais múirín a fháil?
Thig leat araid múirín tí a cheannach ar chostas €13 in aon cheann de na hIonaid Seirbhísí Poiblí:
Cá háit ar féidir liom níos mó eolais a fháil ar an mhúiríniú?
Íoslódáil Bileog Eolais ar an Mhúiríniú anseo, de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.
Fá choinne tuilleadh eolais ar an mhúiríniú gabh chuig www.stopwaste.ie nó cuir scairt ar Suzanne Bogan, An tOifigeach Feasachta Dramhaíola, Comhairle Contae Dhún na nGall ar: (074) 91 53900 nó seol ríomhphost chuig: [email protected]
Cad é a thig liom a chur san araid mhúirín?
Seo a leanas liosta de na hábhair dhramhaíola ón teach agus ón ghairdín a thig a chur isteach san araid múirín. Caithfidh tú a chinntiú go gcuireann tú isteach meascán d’ábhair atá Glas (G) agus Donn (D).
Ábhar |
cgl? |
Nótaí |
Duilleoga/Málaí Tae (G) agus Caife Meilte (D) |
Tá |
Fáisc an t-uisce ó na málaí tae.
Is féidir caife scagaire a chur ann fosta |
Blaoscanna Uibhe (D) |
Tá |
Nigh agus brúigh |
Bruscar cistine i.e. glasraí neamhchócaráilte, scamhachán, craicne agus torthaí etc (G) |
Tá |
|
Nuachtáin stiallta agus cairtchlár bhog (D) Shredded Newspapers and soft cardboard (B) |
Tá |
Ná húsáid méid ollmhór ag an aon am amháin. Measc iad le torthaí, glasraí nó féar |
Luaithreach Adhmaid / Móna (D) |
Tá |
Ná cuir na luaithrigh seo isteach má úsáideadh lastóirí tine leis an tine a thoiseacht |
Bláthanna Gearrtha/Marbha (G) |
Tá |
|
Gruaig an duine / fionnadh peataí (D) |
Tá |
|
Ábhar ó Mhála Folúsghlantóra (D) |
Tá |
An chuid pháipéarach den mhála chomh maith |
Scotháin Féir (G) |
Tá |
Ná cuir méid mhór ann san aon am amháin. Measc iad le páipéar / cairtchlár |
Scotháin / Prúnáil Fáil (D) |
Tá |
Mall le briseadh síos. Stiall iad más féidir |
Seanphlandaí (G) |
Tá |
Ná cuir ann má tá galar orthu |
Lustan/Neantóga (G) |
Tá |
|
Min Sáibh/Scamhachán Adhmaid (D) |
Tá |
Úsáid má tá an múirín rófhliuch |
Aoileach ó pheataí ie coiníní, muca guine, seirbilí, hamstair (G) |
Tá |
Is féidir ábhar leapa ainmhithe a chur ann fosta |
Féar agus Tuí (D) |
Tá |
Méideanna beaga |
Ná cuir na rudaí seo a leanas ann |
|
|
Feoil/Sicín/Iasc |
Níl |
Is féidir leis seo mionainmhithe foghla agus cuileoga a mhealladh |
Fuílleach cócaráilte ón chistin |
Níl |
Barraíocht uisce iontu |
Cac Cait/Madaidh |
Níl |
D’fhéadfadh seadáin a bheith ann |
Táirgí Déiríochta |
Níl |
Is féidir leis seo mionainmhithe foghla agus cuileoga a mhealladh |
Lustan marthanach |
Níl |
Is féidir leis seo an cré a ionfhabhtú |