Cad é an rud é Deontas Tobair?
Is deontas é atá maoinithe ag an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus á riar ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Is é cuspóir na Scéime Deontais seo cuidiú a thabhairt do líonta tí a bhíonn ag brath ar sholáthair indibhidiúla uisce le feabhas a chur ar sholáthar mór-easnamhach trí thobar úr a dhruileáin nó trí pumpa úr a insuiteáladh ar thobar atá ann cheana féin.
Cad é mar a dhéanaim iarratas ar Dheontas Tobair?
Comhlánaigh agus seol ar ais Foirm Iarratais WG1 ar Dheontas Tobair 2014 a bhfuil Meamram Míniúcháin do Dheontas Tobair 2014 ag gabháil leis.
Cá mhéad a thig liom a fháil mar Dheontas Tobair?
Is é an méid atá i gceist leis an deontas ná 75% den chostas ceadaithe nó €2031.58, cibé acu is lú.
Cé a thig caighdeán an uisce a sholáthraítear ó mo thobar a thástáil?
Is féidir an tseirbhís seo a fháil ó shaotharlanna tráchtála san earnáil phríobháideacha nó ón FSS ar chostas €100. Déan teagmháil leis an FSS, le do thoil, (Sláinte Chomhshaoil) ar 074 93 63755.
Tuilleadh eolais