Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt faoi athbhreithniú ar a straitéis chruthaitheachta cultúir Chontae Dhún na nGall 2018-2022, tá sé mar aidhm straitéis úr a fhorbairt do na blianta 2023-2027.
Mar chuid den chomhairliúchán, táimid ag tabhairt cuireadh don phobal aiseolas a thabhairt dúinn ar a dtaithí ar Chlár Éire Ildánach chun cuidiú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an méid a d'oibrigh go maith, an méid a d’fhéadfaimis a dhéanamh ar bhealach difriúil, deiseanna ar bith ar cheart dúinn a mheas agus cén dóigh ar cheart dúinn tús áite a thabhairt dár gcuid oibre sna cúig bliana amach romhainn. Is é an 24 Lúnasa 2022 an dáta deiridh leis an tsuirbhé a líonadh.
Seo an nasc don tsuirbhé: https://www.surveymonkey.com/r/DunnaNGall
Is tionscnamh cúig bliana uile-rialtais é Clár Éire Ildánach chun cruthaitheacht a chur i lár an bheartais phoiblí. Tá sé mar aidhm go mbeidh an deis ag gach duine in Éirinn a gcumas cruthaitheach iomlán a bhaint amach. Trí chomhpháirtíochtaí le rialtas áitiúil agus náisiúnta, gníomhaireachtaí cultúrtha agus fiontraíochta, cruthaíonn Éire Ildánach bealaí agus deiseanna chun daoine, áiteanna agus pobail a spreagadh agus a athrú trí chruthaitheacht.
Is féidir tuilleadh eolais ar Chreative Ireland a fháil anseo https://www.creativeireland.gov.ie/ga/
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le hoifig Éire Ildánach ag [email protected]