Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Oifig Ealaíon an Chontae > Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm

Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm

Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm

 

An 23ú ceann d’Fhéilte Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm

 

Clár Imeachtaí Fhéile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm 2023‌

 

Tá an 23ú Féile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm ar siúl ón Aoine 29 Meán Fómhair go dtí an Domhnach 15 Deireadh Fómhair. Tá imeachtaí ar siúl i mbailte agus sráidbhailte éagsúla i nDeisceart agus in Iardheisceart an chontae, a bhfuil ina measc Béal Átha Seanaidh, Bun Dobhráin, Baile an tSratha, Paiteagó, Baile Dhún na nGall, Leghowney, Leitir Beara, Cill Chartha agus na Gleannta, chomh maith le Béal Átha Seanaidh agus Srath an Urláir.

 

I measc bhuaicphointí na féile i mbliana tá Compántas Damhsa Aeir Fidget Feet leis an téama ‘biongó tiomáin isteach’ ‘House!’ – a léireofar i mBéal Átha Seanaidh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 7 agus 8 Deireadh Fómhair. Cuirfidh an seó dlaoi mhullaigh ar chónaitheacht mhíosa ar an damhsa aeir a bhí á óstáil ag Fidget Feet agus ag Ionad Ealaíon na Mainistreach i gceantar Bhéal Átha Seanaidh agus Bhun Dobhráin le linn mhí Mheán Fómhair. Tá an Chónaitheacht agus an House! mar chuid de chomhoibriú níos leithne, trí mhaoiniú ón Chomhairle Ealaíon, idir na húdaráis áitiúla i gCill Dara (Príomhpháirtí), Tiobraid Árann agus Dún na nGall.  

 

Ócáid mhór eile a bheas ann ná an dráma úr faoi Chogadh na gCarad le Kieran Kelly, Droim Bó, ag Ionad Ealíon Bhalor, Bealach Féich Déardaoin 12 Deireadh Fómhair. Tá an dráma á léiriú mar chuid de chlár Deich mBliana na gCuimhneachán ag Comhairle Contae Dhún na nGall (atá á bhainistiú go dtí seo ag Músaem Contae Dhún na nGall) agus tá sé á pháirtmhaoiniú trí Chiste Deich mBliana Cuimhneachán na nÚdarás Áitiúil de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Beidh sé ar siúl go ceann trí oíche go dtí an Satharn 14 Deireadh Fómhair.

 

Ar an deireadh seachtaine céanna, mar chuid dá chomhpháirtíocht le Féile Frances Brown, léireoidh an fhéile taispeántas speisialta amharclainne amuigh faoin aer de scéal páistí Frances Browne, The Tale of Fairyfoot, arna léiriú ag Acadamh Damhsa Aislingí i mBealach Féich – i gcomhar le Compántas Damhsa Aer Fidget Feet agus Carnabhal Inis Eoghain – i gCoill Dhroim Bó, Srath an Urláir Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 14 agus 15 Deireadh Fómhair.  

 

I measc na mór-imeachtaí eile beidh na seóanna le Donegal Voices i mBéal Átha Seanaidh agus sna Gleannta ar an 6 agus 13 Deireadh Fómhair, labhróidh John McDonagh – arbh as Paiteagó ó dhúchas é – a chuimhní cinn John McDonagh ar a shaol i Nua Eabhrac in Off the Meter, seó a dhéanfaidh sé in Ionad Ealaíon na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh; an léiriú mórspéise The Beauty Queen of Leenane de chuid Martin McDonagh ag Ciorcal Drámaíochta Dhún na nGall i Halla Leghowney, agus seó grinn Fergus cleary An Island Wake i gCill Chartha.

 

Clár Iomlán Imeachtaí ar fáil anois ar shuíomh gréasáin na féile ag www.donegalbaybluestacks.com