Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Croí Cónaithe - Scéim Deontais le haghaidh Tithe F > Scéim Deontais le haghaidh Tithe Folmha agus Tréig

Scéim Deontais le haghaidh Tithe Folmha agus Tréigthe

Scéim Deontais le haghaidh Tithe Folmha agus Tréigthe

 

Preas-Ráiteas

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag reáchtáil imeachtaí eolais chun eolas a chur ar fáil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil chun Tithe Folmha agus Tréigthe a athchóiriú (féach thíos fá choinne dátaí agus ionaid).

 

Buail isteach agus faigh eolas breise faoi na tacaíochtaí seo a leanas – níl aon ghá le coinne a dhéanamh:

  

Scéim Deontais chun Teach Folamh a Athchóiriú

Deontas suas le €84,000 ar fáil chun obair athchóirithe a dhéanamh ar tithe fholmha agus tréigthe, atá folamh le dhá bhliain nó níos faide, agus a bheas mar phríomh-áit chónaithe phríobháideach an úinéara, nó a chuirfear ar fáil le ligint ar cíos.

 

Scéim Deisiúcháin agus Léasa

Tacaíocht airgeadais de €80,000 in aghaidh an aonaid ar fáil le tithe folmha a thabhairt ar ais in úsáid le iad a léasú le Comhairle Contae Dhún na nGall fá choinne tithíocht shóisialta i gceantracha ina bhfuil riachtanas.

 

Scéim Deontais le haghaidh Comhairle Chaomhnaithe – Léirithe Spéise

Is féidir léirithe spéise a dhéanamh chun cuidiú le costais a bhaineann le saineolaí caomhnaithe a fháil chun comhairle athchóirithe a thabhairt maidir le tithe traidisiúnta feirme atá folamh agus atá ag úsáid na Scéime Deontais chun Teach Folamh a Athchóiriú.

 

 

Tuilleadh Eolais

 

An tAonad le haghaidh Tithe Folmha, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.

 

www.donegalcoco.ie

 

[email protected]

 

Guthán: 074 9153900

 

 

An úinéir thú ar Theach Folamh nó Tréigthe, nó an bhfuil amhlaidh á cheannach agat?

 

Buail isteach chuig ceann de na himeachtaí thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil chun cuidiú leat le do chostais athchóirithe

 

 

Áit

Dáta/Am

Ionad

Carraig Airt

Dé Luain 25 Meán Fómhair

11am – 2pm

Gteic @ Carraig Airt

Leitir Ceanainn

Dé Luain 25 Meán Fómhair

5pm – 8pm

Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn,

An Craoslach

Dé Máirt 26 Meán Fómhair

11am – 2pm

Halla Mhás an Easa, An Craoslach

Baile na nGallóglach

Dé Máirt 26 Meán Fómhair

3pm – 7pm

Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach

Srath an Urláir

Dé Céadaoin 27 Meán Fómhair 11am – 2pm

The Base Srath an Urláir

Leifear

Dé Céadaoin 27 Meán Fómhair 3pm – 7pm

Teach an Chontae, Leifear

Bun an Phobail

Déardaoin 28 Meán Fómhair

11am – 2pm

Ionad Acmhainní Bhun an Phobail

Carn Domhnach

Déardaoin 28 Meán Fómhair

3pm – 7pm

Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach

Na Cealla Beaga

Déardaoin 28 Meán Fómhair

3pm – 7pm

Ionad Pobail agus Fiontraíochta Neil Mór, Na Cealla Beaga

An Fál Carrach

Dé hAoine 29 Meán Fómhair

11am – 2pm

An tSean Bhearic, An Fál Carrach

Béal Átha Seanaidh

Dé hAoine 29 Meán Fómhair

11am – 2pm

Ionad Ealaíon na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh

An Clochán Liath

Dé hAoine 29 Meán Fómhair

3pm – 7pm

Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith

Baile Dhún na nGall

Dé hAoine 29 Meán Fómhair

3pm – 7pm

Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall

Oileán Árainn Mhór

Dé Luain 2 Deireadh Fómhair

11am – 2pm

An Chúlturlann, Oileán Árainn Mhór

Na Gleannta

Dé Luain 2 Deireadh Fómhair

 

5.30pm – 8pm

Ionad Pobail, Na Gleannta

Teileann

Dé Máirt 3 Deireadh Fómhair

11am – 2pm

Eispéireas Aillte agus Ionad Cuairteoirí Shliabh Liag, Teileann, F94 W8KC

Bun Dobhráin

Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair

11am - 2pm

Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin

Bun Cranncha

Déardaoin 5 Deireadh Fómhair

3pm – 7pm

Halla Naomh Muire, Bun Cranncha

Gaoth Dobhair

Dé hAoine 6 Deireadh Fómhair

11am - 2pm

Amharclann Ghaoth Dobhair