Donegal County Council Logo

Menu

Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2024 > February

06/02/24 Central Library Letterkenny to host SEAI Energy Clinic

SEAI R

 

 

Local Energy Empowerment: Home Energy Clinics Launching Now – A new world of home comfort and savings with SEAI grants.

 

Central Library Letterkenny will host a free Home Energy Clinic on Thursday 15th February from 5.30-7.30pm. The event will offer advice on energy awareness and efficiency in our communities and homes. These Energy Clinics, led by the Department of the Environment, Climate and Communications, the Local Government Management Agency (LGMA) and the Sustainable Energy Authority of Ireland (SEAI), are set to make a significant impact on our daily lives, showcasing how to reduce our use and energy bills while increasing our comfort. Kevin McCaul, Executive Librarian, commented, “Central Library are delighted to be hosting this energy clinic. It offers everyone a fantastic opportunity to increase their knowledge of energy use and will also help to raise awareness of the steps that we can take to lower our carbon footprint”.

 

What’s Happening:

 

This February, 20 local libraries across Ireland will transform into hubs of energy knowledge. These Energy Clinics, run by SEAI’s County Mentor team, will dive into the ins and outs of our energy use, energy savings and practical tips for making our home and community more energy efficient.

 

Why You Should Get Involved:

 

For Everyone: Whether you’re a seasoned pro or just getting started, these clinics are for everyone in the community.

Local and Accessible: No need for a long drive – these clinics will be right in your local library, making energy expertise accessible to all.

Practical Know-How: Learn simple and effective practices to make your daily life more energy-aware and efficient.

Support Tailored for You: Discover available grants and support to meet your unique energy needs.

 

Why It Matters:

 

These Energy Clinics follow in the footsteps of the “Reduce Your Use and Stay Warm and Well” campaign, initiated in April 2022. We’re building on that momentum to empower you with the tools to cut energy costs and contribute to Ireland’s sustainable energy journey.

 

 

What to Expect:

 

Led by SEAI’s Sustainable Energy Communities (SEC) Programme, these workshops will cover topics like reading electric meters, understanding energy bills, energy-saving tips and effective energy management.

Expect interactive sessions where your questions take centre stage. Come with your questions, curiosity and a desire to make a positive impact in your community and in your home.

 

Let’s make energy empowerment a community affair!

 

 

How Can You Join In:

 

To book please contact Central Library, Letterkenny on 074 91 24950 or by emailing [email protected]

 

 

 

 

 

Preas-eisiúint do Chlinic Fuinnimh SEAI

 

Cumasú Áitiúil Fuinnimh: Clinicí Fuinnimh Bhaile á Seoladh Anois –

Compord agus Sábháil Airgid sa Bhaile le deontais SEAI.

 

Reáchtálfar Clinic Fuinnimh Bhaile saor in aisce i Lárleabharlann Leitir Ceanainn Déardaoin an 15 Feabhra idir 5.30 agus 7.30i.n. Mar chuid den imeacht seo cuirfear comhairle ar fáil maidir le feasacht agus le héifeachtúlacht fuinnimh sa phobal agus sa bhaile. Tá na Clinicí Fuinnimh seo á gcur ar fáil ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus táthar ag súil go mbeidh tionchar mór acu ar ár saol laethúil mar go léireofar ag na clinicí bealaí chun ár n-úsáid agus ár mbillí fuinnimh a laghdú agus ár gcompord a mhéadú ag an am céanna. Dúirt Kevin McCaul, Leabharlannaí Feidhmiúcháin, “tá lúcháir ar an Lárleabharlann an clinic fuinnimh seo a chur ar fáil. Is deis iontach é do gach duine cur lena chuid eolais faoi úsáid fuinnimh agus cuideoidh sé chomh maith le feasacht a ardú ar na céimeanna is féidir a ghlacadh chun ár lorg carbóin a laghdú”.

 

Cad atá ag tarlú:

 

Le linn mhí Feabhra, beidh 20 leabharlann áitiúil in Éirinn ag feidhmiú mar mhoil eolais fuinnimh. Cuirfear eolas ar fáil ag na clinicí fuinnimh seo, a bheidh á reáchtáil ag foireann Mheantóirí Contae SEAI, maidir le húsáid agus le sábháil fuinnimh agus tabharfar leideanna praiticiúla chun do theach agus do phobal a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

 

Cén fáth ar cheart páirt a ghlacadh ann:

 

Do Gach Duine: Má tá seantaithí agat ar chúrsaí fuinnimh nó mura bhfuil tú ach ag tosú amach, feileann na clinicí seo do gach duine sa phobal.

Áitiúil agus Éasca Teacht Air: Ní bheidh turas fada ort – beidh na clinicí seo á reáchtáil i do leabharlann áitiúil le go mbeidh sé éasca do gach duine teacht ar shaineolas faoi chúrsaí fuinnimh.

Eolas Praiticiúil: Faigh leideanna simplí agus praiticiúla chun do shaol a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

Saintacaíocht: Eolas faoi na tacaíochtaí agus na deontais atá ar fáil duitse chun freastal ar do chuid riachtanas féin.

 

Cén tábhacht a bhaineann leis:

 

Leanann na Clinicí Fuinnimh seo an feachtas “Úsáid Níos Lú agus Fan Te agus Folláin”, ar cuireadh tús leis in Aibreán 2022. Tá muid ag tógáil air sin anois agus ag cumasú daoine chun costais fuinnimh a laghdú agus cur le cúrsaí fuinnimh inbhuanaithe in Éireann.

 

 

Cad atá i gceist:

 

Cuimseofar sna ceardlanna seo, arna stiúradh ag Clár Pobail Fuinnimh Inbhuanaithe (SEC) SEAI, ábhair lena n-áirítear méadair leictreacha a léamh, billí leictreachais a thuiscint, leideanna sábhála fuinnimh agus bainistíocht éifeachtúil fuinnimh.

Is seisiúin idirghníomhacha iad seo ina ndírítear ar do chuid ceisteanna agus ar an mbealach le tionchar dearfach a imirt ar do phobal agus i do theach féin.

 

Cumasú fuinnimh – baineann sé linn ar fad!

 

 

Glac páirt:

 

Le d’áit a chur in áirithe, déan teagmháil le Lárleabharlann Leitir Ceanainn ar 074 91 24950 nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected]