Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Bóithre > Comhairliúchán Poiblí sa tSeirbhís Bóithre > R263 L1195 Scéim ag Acomhal Halls

R263 L1195 Scéim ag Acomhal Halls

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall bóithre an R263 & L-1195 idir Bailte Chill Charthaigh agus na Carraige a leathnú agus a fheabhsú ó thaobh ailíniú de. Déanfar tosaíocht an acomhail idir an R2653 agus L-1195 a athrú fosta bunaithe ar bhailíochtú cuntas tráchta. Tosófar feabhsúcháin phríomhlíne thart fá 300m ó dheas d’acomhal an L-1195 leis an R263 ar feadh an L-1195. Tosófar feabhsúcháin taobh-bhóthair ar an R263 thart fá 120 ó dheas den acomhal R263 atá ann cheana féin leis an L-1195, ar feadh an R263 i dtreo shráidbhaile na Carraige.

 

Déanfar an togra de réir na líníochtaí a ghabhann leis an iarratas seo, agus an méid seo ina measc:

 

  • Athrú ar thosaíocht an acomhail idir an R263 agus an L1195.
  • Tá sé beartaithe struchtúr úr droichid a thógáil. Beidh an struchtúr seo faoi réir ag togra ar leith eile Cuid 8. Is struchtúr faoi chosaint é Droichead na gCaislíní agus dá bhrí sin ní féidir é a leathnú ná a athrú.
  • Déanfar oibreacha dromchla fosta san áit a bhfuil gach críochphointe ar an scéim á cheangal isteach.  
  • Soláthrófar córais fheabhsaithe i dtaca le draenáil uisce dromhchla trí shilteáin a chur isteach; cuirfear isteach draenacha iompair nó draenacha scagtha nuair is cuí.
  • Soláthrófar línte úra bóthair ar feadh fad na scéime agus déanfar roinnt athruithe ar chomharthaí tráchta ar feadh fad na scéime de réir Lámhleabhar Comharthaí Tráchta na Roinne Iompair.

 

NÓTA: De bharr na srianta Covid 19 atá i bhfeidhm faoi láthair, is tríd na naisc seo thíos amháin is féidir na pleananna agus na sonraíochtaí i dtaca leis an fhorbairt bheartaithe seo a scrúdú nó a íoslódáil.

 

Nó, mar mhalairt air sin, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Ionad Seirbhísí Custaiméara ar (074) 91 59300 chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hoibreacha atá beartaithe.

 

Beidh na moltaí ar fáil lena scrúdú ó 9am Dé Luain 17 Lúnasa 2020 go dtí 5pm Dé Máirt 15 Meán Fómhair 2020.

 

Is féidir aighneachtaí agus tuairimí maidir leis an fhorbairt bheartaithe, ag plé le pleanáil agus forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite, a chur isteach i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4pm Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair 2020.

 

Tabhair faoi deara, de réir Airteagal 120(1)(b)(i) de na Rialacháin Phleanála agus Forbartha 2001 (mar a leasaíodh), tá cinneadh déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall, bunaithe ar réamhscrúdú ar nádúr, méid agus suíomh na forbartha, nach bhfuil gá le Measúnacht Tionchair Comhshaoil.

 

Scríobh ainm an togra mar atá léirithe sceideal thuas ar thosach an chlúdaigh.

 

Tuairisc Cuid 8

Aguisín B: Tuairisc Scagtha don Mheasúnacht Iomchuí

Aguisín C – Réamhscrúdú don MTC

Aguisín D – Líníochtaí

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO