Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Oidhreacht > An Lárcholún

Seimineár ar Thithe Traidisiúnta Tuaithe Dhún na nGall

 

Níl aon spás fágtha ar an seimineár seo: curtha in áirithe go hiomlán

Tá Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Fóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus An Chomhairle Oidhreachta, ag reáchtáil seimineár saor in aisce ar an ailtireacht dhúchasach dar teideal 'Tithe Tuaithe Dhún na nGall' i dTeach an Pharóiste, Carraig Airt Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall a chur i bhfeidhm. 

 

"Is beag áit a bhfuil ceangal chomh dlúth sin lena foirgnimh thraidisiúnta ná mar atái nDún na nGall", arsa Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall.  "Is léiriú íocónach ar Chontae Dhún na nGall í an ailtireacht dhúchasach atá againn agus ba chóir dúinn í a chaomhnú.  Insíonn na foirgnimh thraidisiúnta seo go leor dúinn faoinár stair shóisialta, agus cuidíonn lenár bhféiniúlacht agus ár gceangal lenár n-áit dhúchais a chothú.  Tá 30 bliain imithe tharainn anois ó foilsíodh 'Rural Houses of the North of Ireland' leis an Dr. Alan Gailey, iar-Stiúrthóir ar Iarsmalann Dhaonna agus Iompair Uladh a fuair bás anuraidh.   Is saothar ceannródaíoch é a leabhar siúd i dtaca le staidéar ar an ailtireacht dhúchasach in Éirinn agus d'imir sé tionchar ar an dóigh a n-amharcaimid ar fhoirgnimh thraidisiúnta agus ar an dóigh a dtuigimid iad, i gContae Dhún na nGall.  Agus meath ag teacht ar ár gcuid foirgneamh traidisiúnta i rith an ama, níl tuiscint iomlán againn ná aitheantas iomlán go fóill ar thréithe d'ábhair thógála thraidisiúnta, úsáid scileanna traidisiúnta tógála, deiseanna fostaíochta in obair cheardaíochta, tábhacht na hoidhreachta tógtha dúchasaí don turasóireacht, agus cumas ár gcuid foirgneamh traidisiúnta a chur in oiriúint don saol nua-aimseartha, agus níl úsáid mar is ceart á baint as na tréithe seo uilig go fóill.  Is iad na haidhmeanna atá ag an tseimineár saor in aisce seo aird agus meas a tharraingt ar an ailtireacht réigiúnach dhúchasach i gContae Dhún na nGall, taighde a spreagadh ar an ghné seo dár n-oidhreacht thógtha agus caomhnú ár bhfoirgneamh traidisiúnta a chur chun cinn."

 

Tá an seimineár 'Tithe Tuaithe Dhún na nGall' saor in aisce ach bhí gá clárú roimh ré agus tá an seimineár lán go doras anois.  Tosófar an seimineár ar 9.20am sa Halla Paróiste, Carraig Airt, agus beidh cainteanna léirithe ann ó shaineolaithe, ina measc:

  • Fidelma Mullane, tíreolaí cultúrtha agus speisialtóir san ailtireacht dhúchasach, a bheas ag caint faoin tuíodóireacht - a tábhacht, a caomhnú agus a hathchóiriú - agus tabharfaidh sí breac-chuntas ar thréithe tithe dúchasacha i gContae Dhún na nGall;
  • Labhróidh Barry Ó Reilly, staraí ailtireachta agus seandálaí, ar fhoirgnimh d'iarann rocach i gContae Dhún na nGall, foirgnimh ar minic neamhaird déanta díobh;
  • Edward Byrne, An Comhlacht Traditional Lime, a thabharfaidh caint ar mhodhanna tógála traidisiúnta agus ar ábhair thógála thraidisiúnta, úsáid aoil san áireamh;
  • Duncan McLaren, ailtire caomhantais Grád 1, Dedalus Architecture, a bheas ag caint ar an taighde is déanaí a rinne sé ar dhíonta tarra agus canbháis in Inis Eoghain; agus
  • Dermot Nolan, Dermot Nolan & Associates, a thabharfaidh caint ar roinnt fadhbanna coitianta a bhíonn ag foirgnimh dhúchasacha agus ar an dóigh le tabhairt fúthu agus iad a athchóiriú.

 

Sa tráthnóna beidh roinnt ceardaithe ag déanamh taispeántais ar scileanna traidisiúnta tógála i dtaca leis an tuíodóireacht, úsáid moirtéil aoil, díonta slinnte bainte, saisfhuinneoga a dheisiú agus obair phéinte stairiúil.  Beidh deis ag na rannpháirtithe cuairt a thabhairt ar Theach John Mhicí Bán i gCarraig Airt agus ar bhailiúchán príobháideach de threalamh feirmeoireachta agus d'uirlisí feirmeoireachta atá ar taispeáint ar chlós feirme an tseantí thraidisiúnta dhá-urláir seo.  Léiríonn leagan amach an tí agus a bhfuil ann blaiseadh den saol a bhíodh ar an fheirm seo sa naoú haois déag agus san fhichiú haois.

 

Beidh suim ag na daoine agus eagraíochtaí seo a leanas san ócáid: úinéirí tithe traidisiúnta, coistí oidhreachta, cumainn staire, ceardaithe, coistí Bailte Slachtmhara, coistí pobail, ailtirí, tógálaithe, baill foirne údaráis áitiúil agus éinne a bhfuil suim aige nó aici san oidhreacht áitiúil agus sa stair áitiúil.  Gheobhaidh rannpháirtithe sa tseimineár pacáiste eolais saor in aisce chomh maith le lón éadrom agus sólaistí. 

Tá an seimineár saor in aisce ach caithfear áit a chur in áirithe agus moltar go láidir go ndéanfar áirithintí go luath mar go bhfuil an líon áiteanna teoranta.  Le d'áit a chur in áirithe saor in aisce don tseimineár 'Tithe Tuaithe Dhún na nGall', déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 912 4613 nó trí ríomhphost ag: [email protected]   Tá sonraí iomlán an tseimineára ar fáil ar shuíomh idirlín Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ag: www.donegalcoco.ie/heritage