An Clár Oideachais agus Feasachta fá choinne Scoileanna
Tá Clár Scoile Chomhairle Contae Dhún na nGall ag feidhmiú ar feadh roinnt blianta. Tá cuireadh agus fáilte roimh achan scoil a bheith páirteach sa chlár ina dtéann an tOifigeach Feasachta ar cuairt chuig scoileanna ar fud an Chontae chun cainteanna agus taispeántais a dhéanamh i dtaca leis an Athchúrsáil, Bruscar, Múiríniú agus an Bainistiú Dramhaíola i gcoitinne. In 2015, tugadh cuairt ar thart fá 80 scoil sa chontae.
Clár na Scoileanna Glasa
Tá clár na Scoileanna Glasa ag feidhmiú go han-éifeachtach sa Chontae le 18 mbliana anuas. Tá 194 scoil sa chontae cláraithe chun an clár a chur i bhfeidhm agus súil acu an Bhratach Ghlas a bhaint amach. San iomlán, bronnadh 154 bratach ar scoileanna i gContae Dhún na nGall. Cuireann an tOifigeach Feasachta an scéim seo chun cinn i measc na scoileanna agus is féidir tuilleadh eolais a fháil fá dtaobh dó trí eolas a íoslódáil ó shuíomh idirlín An Taisce le haghaidh scoileanna glasa http://www.greenschoolsireland.org
Téamaí Scoileanna Glasa
Bruscar agus Dramhaíl – Cás-Staidéir
Saoránacht úr Dhomhanda – Cás-Staidéir
Fá choinne tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.greenschoolsireland.org nó déan teagmháil le hOifigeach Feasachta Dramhaíola na Comhairle le Foirm Chláraithe a fháil. Tugann an suíomh idirlín thú fríd chlár na scoileanna glasa agus tá neart smaointe agus cás-staidéir ann le haghaidh scoileanna eile. Is fiú go mór spléachadh a thabhairt air!