Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eolas faoin Oifig Cumarsáide

Ról na hOifige Cumarsáidí

Is é an ról atá ag Oifig Cumarsáide Chomhairle Contae Dhún na nGall ná a bheith i dteagmháil leis na meáin chumarsáide lena chinntiú go bhfuil cumarsáid éifeachtach á déanamh leis an phobal.  

 

Cad é a dhéanann muid?

 

  • Soláthraíonn muid seirbhís fiosrúcháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall do na meáin chumarsáide.
  • Cuireann muid eolas oifigiúil ar fáil do na meáin thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall.
  • Dréachtann muid, agus eisíonn muid, preas-ráitis agus cuireann muid scéalta chun tosaigh a bhaineann le Comhairle Contae Dhún na nGall.
  • Tarraingímid aird ar na seirbhísí, tacaíochtaí agus gníomhaíochtaí atá ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.
  • Éascaíonn muid an caidreamh agus an teagmháil idir an eagraíocht seo agus na meáin.
  • Déanann muid maoirseacht ar sheirbhísí idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar a n-áirítear a cuid suíomhanna gréasáin agus leathanaigh meáin shóisialta.

Ag déanamh fiosrúchán preasa

 

Le fiosrúchán preasa nó fiosrúchán meáin a dhéanamh, déan teagmháil lenár nOifig Cumarsáidí ag [email protected] nó cuir scairt ar 074 91 72206.

 

Ba chóir gach ceist eile a dhíriú chuig Comhairle Contae Dhún na nGall