Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Nollaig 2023

Ceapachán ar Bhord Eatramhach Chomhlacht Ghníomhaireacht Fuinnimh Réigiúnach an Iarthuaiscirt Teo.

 

 

Tá iarrtais á lorg ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le post amháin mar Stiúrthóir Seachtrach a líonadh ar Bhord Eatramhach Chomhlacht Ghníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt.

Tabhair faoi deara gur ar bhonn pro bono a bheas an ceapachán seo.

 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhunaigh Comhlacht Ghníomhaireacht Fuinnimh Réigiúnach an Iarthuaiscirt i mí na Bealtaine 2022 mar chéad chéim i dtreo Straitéis Fuinnimh Réigiúnach an Iarthuaiscirt a chur i bhfeidhm.

 

Ghabh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin orthu féin comhoibriú lena chéile, mar atá leagtha amach i Straitéis Fuinnimh Réigiúnach an Iarthuaiscirt, agus é mar sprioc acu córais fuinnimh a dhícharbónú agus a bheith saor glan ó astaíochtaí carbóin faoin bhliain 2045.

 

Tá An Leabhrán Eolais – Bord Eatramhach GFIT agus Foirm Léiriú Spéise – GFIT‌ ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall. Ba chóir d’iarrthóirí a bhfuil spéis acu ann a bheith in ann a léiriú go bhfuil saineolas acu i gcuid de na réimsí seo a leanas:

  • Gníomhú Aeráide – go sonrach, foirgnimh agus modhanna taistil a dhícharbónú, lena n-áirítear teicneolaíochtaí inathnuaite.
  • Forbairt réadmhaoine tráchtála;
  • Tosú gnó ardacmhainne.
  • Infheistíocht ghnó;
  • Fiontríocht shóisialta/phobail;

 

Tá sé inmhianaithe go mbeadh réimse de scileanna cumaiscthe ag iarrthóirí ón liosta seo a leanas:

  • Taithí roimhe seo ar Bhoird;
  • Tuiscint ar rialachas corpráideach;
  • Cumas acu dearcadh leathan chun tosaigh a ghlacadh ar cheisteanna éagsúla;
  • Cumas acu obair go héifeachtach le daoine eile mar chuid d’fhoireann;
  • Tiomantas láidir chun luach bhreise a thabhairt agus tionchar dearfach a imirt;
  • Cumas acu ceisteanna ábhartha cuí a chur;
  • Cumas acu sonraí airgeadais ag ardleibhéal a thuigbheáil.

 

Fáiltíonn Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt roimh iarratais ó iarrthóirí cáilithe ó chúlraí éagsúla lena chinntiú go bhfuil an Bord ionadaíoch mar is ceart ar shochaí na hÉireann agus tabharfar aird go dearfach ar chothromaíocht inscne, ar éagsúlacht agus ar ilchuimsitheacht an Bhoird.  

 

Tá léirithe spéise (ar chóir Litir Chlúdaigh agus Foirm Léiriú Spéise araon a bheith ann) le seoladh isteach trí rphost chuig: [email protected] faoi 4pm ar an 26 Eanáir 2024.