Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Oidhreacht > Nuacht Oidhreachta > Seimineár 'Sealbhú ar Iontaobhas'

Seimineár Oidhreachta Saor in Aisce

 

Cuireann Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Fóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus An Chomhairle Oidhreachta in bhur láthair:

 

Seimineár Oidhreachta dar teideal 'Sealbhú ar Iontaobhas'

Óstán Dorrian Imperial, An Phríomhshráid, Béal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall

Dé Sathairn, 22 Samhain, 2014

9:00 a.m. – 2:00 p.m.

 

Is iad aidhmeanna an tseimineáir saor in aisce seo ná:

  • feasacht agus tuiscint a spreagadh i dtaca leis an oidhreacht thógtha agus na sráid-dreacha i mbailte stairiúla Chontae Dhún na nGall,
  • eolas agus comhairle phraiticiúil a scaipeadh i dtaca le hiontaobhais shibhialta a bhunú,
  • foinsí eolais i dtaca leis an oidhreacht thógtha inár gcuid bailte agus sráidbhailte a scrúdú,
  • an sár-chleachtas i dtaca le caomhnú na hoidhreachta tógtha a chur chun cinn,
  • agus luach oidhreachta agus tábhacht oidhreachta na sráid-dreach inár gcuid bailte a chur in iúl. 

 

I measc na n-aoichainteoirí ag an seimineár saor in aisce beidh:

  • Geraldine Walsh, Príomh-Fheidhmeannach, Iontaobhas Sibhialta Bhaile Átha Cliath a labhróidh faoin chuspóir atá leis an Iontaobhas Oidhreachta agus faoin dóigh le cuidiú chun tuiscint áite níos fearr a chothú i dtaca lenár mbailte agus sráidbhailte;
  • Simon Wall, Ailtire as Cathair na Mart, Comhairle Contae Mhaigh Eo a thabharfaidh cuntas ar an ráth atá ar rannpháirtíocht phobail agus shibhialta i dtaca le hoidhreacht thógtha Chathair na Mart, Contae Mhaigh Eo;
  • Leah O’Neill, Oifigeach Tograí Oidhreachta, Cumann Oidhreachta Ailtireachta Uladh, a labhróidh faoi chaomhnú na timpeallachta tógtha stairiúla agus faoi ról Chumann Oidhreachta Ailtireachta Uladh;
  • Mary McLaughlin & Caroline Dickson, Iontaobhas Sibhialta an Fheabhail, a phléifidh an ról atá ag Iontaobhas Sibhialta agus, go háirithe, an obair atá idir lámha ag Iontaobhas Sibhialta an Fheabhail agus é ar an fhód 25 bliana;
  • Anngret Simms, Ollamh Emeritus le Geografaíocht, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a bheas ag caint faoi thús na mbailte móra in Éirinn agus aird a dhíriú ar na cineálacha éagsúla ábhair foinse atá ann le haghaidh staidéar a dhéanamh ar bhailte móra na hÉireann; agus
  • Duncan McLaren, Ailtire Caomhantais, Dedalus Architecture a thabharfaidh comhairle ar an dóigh le tabhairt faoi thogra caomhantais oidhreachta go héifeachtach.

 

Gheobhaidh rannpháirtithe sa seimineár pacáiste eolais (ina mbeidh eolas ar scéimeanna deontais i dtaca le hoidhreacht thógtha chomh maith) nuair a chláróidh siad, agus cuirfear lón éadrom ar fáil.  Beidh seisiún oscailte ceisteanna agus freagraí ann leis na haoíchainteoirí roimh an lón.  Tá an seimineár ina ghníomh de chuid Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus tá sé á mhaoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus An Chomhairle Oidhreachta. 

 

Tá an seimineár saor in aisce agus oscailte do gach duine ach tá áiteanna teoranta agus moltar go láidir duit d'áit a chur in áirithe.  Dá mba mhaith leat áit a chur in áirithe don seimineár 'Sealbhú ar Iontaobhas', déan teagmháil le hIarsmalann Chontae Dhún na nGall (074) 9124613 nó trí ríomhphost ar: [email protected]

 

Íoslódáil an bhileog don Seimineár anseo