Tacaíonn oileán na hÉireann le cuid mhaith (chóir a bheith leathchuid) de na Diúilicíní Péarla Fionnuisce (DPF) atá ar marthain san Eoraip. Tá an Diúilicín Péarla Fionnuisce i mbaol dul in éag ar fud na hEorpa, agus tá fianaise ann go bhfuil ag teip go mór ar iarrachtaí diúilicíní óga a thabhairt isteach le blianta beaga anuas. Mura ndéantar beart chun a chinntiú go mbeidh an Diúilicín Péarla Fionnuisce in ann iad féin a shíolrú agus cur lena líon, ní mhairfidh siad agus rachaidh siad i léig de réir mar a rachaidh na diúilicíní aosta in éag.
Le roinnt blianta anuas, d’oibrigh Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann (GCTÉ), le tacaíocht chomhairleoireachta ó RPS, chun an Tionscadal le haghaidh Diúilicíní Péarla Fionnuisce a chur i bhfeidhm. Maoiníodh an tionscadal faoi Chlár INTERREG IV tríd an Fhoras um Chláir Speisialta an Aontais Eorpaigh, nó FCSAE.
Chlúdaigh an Tionscadal réigiún iomlán Thuaisceart Éireann agus réigiún na teorann in Éirinn.
Féach na Nuachtlitreacha ón Tionscadal agus Maggie, an leabhar agus an leabhar oibre maidir le Diúilicíní.
Maggie Leabhar na nDiúilcíní
Maggie Leabhar na nDiúilicíní