Is é atá i Lá Leictreonach, an 19 Meán Fómhair 2014, ná an dáta óna n-iarrfar ar Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla agus Áisineachtaí Stáit gan glacadh le seiceanna níos mó mar mhodh íocaíochta ó ghnólachtaí.
Má íocann tú do chuid rátaí le seic faoi láthair, ba chóir duit dul i dteagmháil le hAonad Bailiúcháin Ioncaim na Comhairle le modheanna eile íocaíochta a phlé, mar shampla, an tAistriú Leictreonach, Ordú Seasta, Dochar Díreach agus Cárta Creidmheasa/Dochair.