Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 2 – Faomhadh Deontais > Cad é mar a dhéanaimse iarratas?

Céim 2 – Cad é mar a dhéanaimse iarratas?

Le hiarratas ar Fhaomhadh Deontais a dhéanamh, ní mór Dearbhú Incháilitheachta faoin scéim a bheith faighte agat agus is gá nach mbeadh na hoibreacha tosaithe agat.

 Sula dtosaíonn tú, iarrtar ort a chinntiú go bhfuil ar fáil agat:

  • Sonraí d’innealtóra
  • Sonraí do chonraitheora

Agus go bhfuil an méid seo a leanas réidh le huaslódáil agat (i bhformáid PDF):

Ón innealtóir s’agat:

a)    An Plean Oibreacha Deisiúcháin don áit chónaithe bhainteach

b)    Plean Cigireachta

c)    Ráiteas miondealaithe (meastachán) faoi choinne seirbhísí gairmiúla i dtaca le maoirseacht, formhaoirsiú, sláinte agus sábháilteacht agus deimhniúchán na n-oibreacha.

d)    Dearbhú Chéim 2 an Innealtóra

agus


Ón chonraitheoir s’agat:

e)    Clár Oibreacha ina mionsonraítear fad agus seicheamh beartaithe na n-oibreacha a bhfuil cur síos orthu sa phlean oibreacha deisiúcháin

f)     Ráiteas miondealaithe (meastachán) ina sonrófar an costas a bheas le cur i gcrích, maoirseacht agus deimhniú na n-oibreacha

g)    Dearbhú Chéim 2 an Chonraitheora

Má tá an méid thuas uilig réidh agat, tig leat logáil isteach agus leanúint le hiarratas a dhéanamh ar Fhaomhadh an Deontais.

I ndiaidh duit d’iarratas a chur isteach, déanfaidh an Chomhairle é a sheiceáil agus a mheasúnú roimh dóibh cinneadh a dhéanamh. Má fhaomhtar é, déanfaidh an Chomhairle Dearbhú Fhaomhadh an Deontais a eisiúint duit agus cuirfidh in iúl duit méid an deontais a bhfuil tú ina theideal.

 

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna Coitianta – Céim 2 – Cad é mar a dhéanaimse iarratas?

  1. Níl na doiciméid uilig réidh agam go fóill, an dtig liom iarratas a dhéanamh go fóill féin?

Tig leat tús a chur leis an iarratas agus eolas a chur leis, á shábháil de réir mar a théann tú tríd. Bíonn aon doiciméid a iarrtar ort de dhíth leis an iarratas a mheasúnú. Ní chaithfidh tú iad uilig a sholáthar san aon am amháin ach is féidir iad a chur le d’iarratas de réir mar a fhaigheann tú iad ón innealtóir nó ón chonraitheoir. Iarr orthu iad a chur ar fáil duit go leictreonach, i bhformáid PDF. Tig leat logáil amach agus ansin logáil isteach arís le hiad a uaslódáil.  Ní thig leat an t-iarratas a chur isteach lena mheasúnú go dtí go mbeidh na sonraí uilig comhlánaithe agat agus na doiciméid uilig uaslódáilte agat.

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna